Nuacht

Nuacht >>
Díolachán Cáca

Bhí Díolachan Cáca iontach againn le déanaí sa halla agus bhaineamar go léir sár-taitneamh as. Bhí na páistí go léir ag bacáil an oíche roimh ré agus bhí rogha dochreidte cácaí is borróga ann. D’itheamar go léir ár ndóthain agus bhí bolg tinn ag múinteoir nó beirt. Míle buíochas don gCoiste Cairde a d’eagraigh an rud ar fad dúinn.

Lá Domhanda na Leabhar

Lá Domhanda na Leabhar

Ar an 2ú Mí na Márta bhí lá mór againn sa Ghaelscoil ag ceiliúradh Lá Domhanda na Leabhar. Bhí chuile duine sa scoil gléasta mar carachtair as leabhar. Bhí na ranganna plódaithe le Harry Potters, Wimpy Kids, Pippi Longstockings agus bhí Cat in the Hat ag gabháil timpeall chomh maith. Mar is gnáth, bhí an Coiste Cairde ag obair de ló is d’oíche ag eagrú Díolachán Leabhar dúinn – an ceann is fearr riamh . Ní raibh fiú leathanach fágtha ag deireadh an lae. Go raibh maith agaibh go léir. 

Turas Scoile Naionan Bheaga
Seachtain Eolaíochta

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Bhí trialacha eolaíochta ar siúl sa halla á chur i láthair ag na micléinn deasa ó Ollscoil Chorcaí arís ar an Máirt. Bhí deis ag gach éinne ós na naionáin ar aghaidh páirt a ghlacadh ann.

 

Cuairt Rob Heffernan

  Tháinig an laoch ólimpeach Chorcaíoch, Rob Heffernan, agus a bhean chéile Marian,    chuig na scoile ar an 20/05/16 . Bhí an-chuairt ar fad againn leo. Labhair Rob faoi cé  chomh bródúil a bhí sé as an bonn cré-umha a bhuachaint ar son na tíre. Thug sé  taispeántas dúinn faoi conas an siúlóid tapaidh a dhéanamh, rud a bhí le feiscint á  chleachtadh ag roinnt páístí amuigh sa chlós!!!                                                                           Bhí rás beag  aige i gcoinne Chormac, sa halla, chomh maith, n’fheadar cé a bhuaigh!!!

 

Lá an Fhorógra

Paráid na Scoile

Read More
Brat na hÉireann ag Teacht Chugainn

        

                                 

                                                 

 

Bhí lá iontach againn ag ceiliúradh Brat na h Éireann ag teacht chugainn!

Sciath na Scol

Comhgairdeas mór le foireann peile na gcailíní, a bhuaigh craobh Sciath na Scol ar an 20ú Samhain. Bhí cluiche iontach acu i gcoinne Gleanntán, agus bhuadar le pointe amháin ag an deireadh.

Bhí an captaen Emma Ni Mhurchú, agus an leas-chaptaen, Sorcha Ní Chraobhaigh, chomh sásta glacadh leis an gcorn. Fuaireadar tacaíocht iontach ó pháistí Rang a 3, go Rang a 6, ar an lá.

Maith sibh go léir!!

Cuairt ó fhoireann Charraig Ui Leighin

Cuireadh fáilte ollmhór roimh foireann Charraig Uí Leighin a tháinig ar chuairt chughainn le déanaí. Chanamar cúpla amhrán deasa dóibh. Bhí an corn idirmhéanach sa pheil acu, agus a lán iarscolairí ina measc. Guimíd gach rath orthu, agus iad ag imirt sa comórtas Sinsireach an bhlian seo chughainn! Obair Bhaile soar arís, yippee!!!

Read More
Cuairt Bríd Stack chuig na scoile!!

Tháinig Bríd Stack agus cúpla iar scolaire chuig na scoile le déanaí. Thugadar an corn Brendan Martin leo! Bhí an-atmaisféir ar fad sa scoil, idir na hamhráin a canadh agus an oráid iontach a thug Bríd í féín. Ghuígh sí gach rath ar na buachaillí, agus na cailíní sa chluiche leath ceannais Sciath na Scol.

Read More
Turas go dtí an Ghaelcholáiste

Chuaigh an dá Rang 6 ar chuairt chuig an nGaelcholáiste ar an 14ú Meán Fómhair. Tá siad lonaithe thíos i Water Park House i bhfoirgneamh an-ghalánta agus chuir siad fáilte mhór romhainn. B'iontach bualadh lenár n-iarscoláirí thíos agus thaispeáin siad dúinn na ipads nua atá acu agus na haipeanna go léir atá in úsáid go laethúil. Bhí sé fíor-shuimiúil, go háirithe na saotharlanna agus na turgnaimh eolaíochta a rinneamar le chéile. Tá fiseán deas déanta acu don gcéad choicís ar scoil. Brúigh thíos chun é a fheiscint.

Read More
Craobh Sciath na Scol

 Bhí Gaelscoil Charraig Uí Leighin ag imirt i gcraobh Sciath Na Scol ar an 29ú Bealtaine. Bhí an bua ag Scoil Bhailenóra le dhá phointe, ach bhíomar an-sásta mar an-cluiche ar fad a bhí ann! Bhí an dá fhoireann thar barr agus fíor taispeántas scileanna iománaíochta a bhí ann. Táimid an-bhródúil as foireann na scoile agus cinnte beimid ar ais an bhliain seo chugainn. Beidh lá eile ag an bPaorach!

Junior Achievement Dragons' Den

Chuaigh Rang 6 Múinteoir Therese ar thuras go dtí Kerry Bio ar an 28ú Bealtaine chun páirt a ghlacadh i Junior Achievement Dragons' Den ann. Bhí lá an-suimiúil ar fad acu ann. Bhí orthu teacht suas le táirgí nua agus plean gnó a chruthú dóibh. Tháinig siad suas le smaointe iontacha mar shampla an 'Tempa-cup', 'DIY Gaelic' agus 'Custom Cookies' agus bhí orthu an plean a chur faoi bhráid na 'Dragons'. D'éirigh go han-mhaith leo agus bhain siad ard-taitneamh as an dturas. Gabhaimid buíochas le gach éinne ó Kerry Bio a chuir fáilte mór rompu agus a thug tacaíocht dóibh ar an lá speisialta sin.

Read More
Comhneartú 2015 - Lá álainn

Bhi lá iontach againn go léir ar an 20ú Aibreán ag an gcomhneartú. Bhí an ghrian ag scoilte na gcloch is bhí sceitimíní orainn go léir.

Bhí an ceol do-chreidte agus bhaineamar go léir an-sult as.

Read More