Rang 5-6/5th-6th class

 

 

Turas Scoile Rang 5

 

 

 

Dragons' Den

 

Chuaigh Rang 6 Múinteoir Therese ar thuras go dtí Kerry Bio ar an 28ú Bealtaine chun páirt a ghlacadh i Junior Achievement Dragons' Den ann. Bhí lá an-suimiúil ar fad acu ann. Bhí orthu teacht suas le táirgí nua agus plean gnó a chruthú dóibh. Tháinig siad suas le smaointe iontacha mar shampla an 'Tempa-cup', 'DIY Gaelic' agus 'Custom Cookies' agus bhí orthu an plean a chur faoi bhráid na 'Dragons'. D'éirigh go han-mhaith leo agus bhain siad ard-taitneamh as an dturas. Gabhaimid buíochas le gach éinne ó Kerry Bio a chuir fáilte mór rompu agus a thug tacaíocht dóibh ar an lá speisialta sin.

Seo iad na leaids ó Rang 6 ag déanamh turgnaimh eolaíochta is ag cur na dtáirgí nua faoi bhráid na 'Dragons'.  Nach bhfuil siad cróga?

 

Comhneartú  - Lá Speisialta

Tá  Ranganna 5 agus 6 ag glacadh sosa tar éis na hoibre ar fad a rinne siad don gComhneartú. D'oibrigh siad go dian chun na paidreacha agus na hamhráin go léir a fhoghlaim agus, níl aon dabht faoi ach go raibh siad thar barr ar an lá speisialta. Thug Rang 5 an-tacaíocht do Rang 6 agus táimid fíorbhuíoch díobh as an gcabhair sin ar fad.  

Seo sampla den ealaín a bhí croctha againn sa séipéal don gComhneartú